Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases > New Fire Safety Programme for Islanders launched

11/12/17 New Fire Safety Programme for Island dwellers launched

Island Fire pack

Pictured at the launch of the Fire Safety Programme for Island Communities in Gaoth Dobhair Fire Station on Thursday are Cllr Michael Cholm MacGiollaEasbuig, Cathaoirleach Glenties MD and Islands Committee, Conor McShane, Donegal Fire Service, Maire Ni Fhearraigh, Development Officer for Small Islands, Rosaleen McShane, Island Rep, William Boyle, Island Rep, Máire Uí Dochartaigh, Island Rep, Cllr Gerry McMonagle, Cathaoirleach, Donegal County Council, Eddie McGee, Island Rep and Cllr. John Seamais O’Fearraigh.

 

Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall clár úr sábháilteachta dóiteáin do phobail na n-oileán inné i Stáisiún Dóiteáin Ghaoth Dobhair.

 

A new Fire Safety Programme for Island communities was launched by Donegal Fire Service at Gaoth Dobhair Fire Station yesterday

 

 

Mar chuid den chlár úr seo cuirfear ar fáil Pacáistí Sábháilteachta Dóiteáin - ina mbeidh múchtóir tine le 2kg de phúdar tirim, pluid tine agus aláram aonocsaíd charbóin - do gach teaghlach agus líon tí a bhfuil cónaí orthu i dToraigh, Árainn Mhór, Oileán an Bhráighe, Gabhla, Inis Mhic an Doirn, Inis Caorach, Uaigh, Inis Sionnaigh, Inis Meáin agus Inis Bó Finne.  Tá na pacáistí seo sa bhreis ar na haláraim dheataigh a dáileadh ar na tithe sna hoileáin le roinnt blianta anuas mar chuid den chlár leanúnach Sábháilteachta Dóiteáin do na hOileáin.

 

This new programme will involve the distribution of Fire Safety Packs which will include a 2 kg dry powder fire extinguisher, a fire blanket and a carbon monoxide alarm to every household living on Tory, Arranmore, Island Roy, Gola, Rutland, Inis Caorach, Owey, Inishinney, Inishmeane and Inishboffin.  These packs are in addition to the smoke alarms that have been distributed to households on the islands over the past number of years as part of the ongoing Islands Community Fire Safety.

 

 

Agus é ag caint i ndiaidh an tseolta, mhínigh an Príomh-Oifigeach Dóiteáin Seosamh Mac an tSagairt, go bhfuil an togra seo mar chuid den obair leanúnach i dtaca le sábháilteacht dóiteáin atá á dhéanamh i measc phobail na n-oileán le roinnt blianta anuas. 

 

Speaking following the launch Chief Fire Officer Joseph McTaggart explained that this initiative is part of the continued fire safety approach which has been delivered to the Island communities over the past number of years. 

 

 

Dúirt an Príomh-Oifigeach Dóiteáin go bhfuil an togra seo tábhachtach dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin agus gur trealamh riachtanach le haghaidh sábháilteacht dóiteáin atá sna pacáistí seo, a ba chóir a bheith in achan teach.  Mar sin féin, mhínigh an Príomh-Oifigeach Dóiteáin cé go bhfuil an trealamh seo tábhachtach gur féidir le haláram deataigh atá ag oibriú beatha daoine a shábháil, agus tá an chomhairle a chuirtear ar fáil sna bileoga eolais níos tábhachtaí arís agus gur chóir do gach teaghlach agus líon tí cloí leis an chomhairle seo.

 

The Chief Fire Officer said that this type of an initiative is important for those living on the islands and the equipment provided in these packs are fire safety essentials and every home should have them.  However, the Chief Fire Officer explained that while these items are important, a working smoke alarm can save lives and the advice contained in the information leaflets is even more important and every home should follow this advice.

 

 

Tá comhairle ann gur chóir aláraim a chur isteach agus iad a thástáil uair sa tseachtain, plean éalaithe a bheith ann le go dtig leatsa agus le do theaghlach éalú amach go sábháilte i gcás tine, agus seiceáil sábháilteachta tine a dhéanamh gach oíche. Na haláraim dheataigh sin a cuireadh ar fáil mar chuid den togra sábháilteachta tine i measc phobal na n-oileán, tugadh cinn úra ina n-áit ar na mallaibh mar go bhfuil saolré 10 mbliana ag na cadhnraí. 

 

This advice includes having smoke alarms fitted and to test them weekly, having an escape plan so you and your family can get out safely in the event of a fire and make a fire safety check part of your nightly routine. Smoke alarms which were supplied as part of the island community fire safety initiative have been replaced in the recent past with new smoke alarms having a 10 year battery life.

 

 

Dáilfidh ionadaithe de chuid na n-oileán na pacáistí seo ar gach teach ar fud na n-oileán sna seachtainí amach romhainn, agus cuirfear traenáil ar fáil ar an dóigh leis na múchtóirí tine agus na pluideanna tine a úsáid.

 

These packs will be distributed to every island household by the island representatives in the coming weeks and training on how to use the fire extinguishers and the fire blankets will also be provided.

 

 

Bhí Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall ag obair go dlúth le heagraíochtaí oileánda le roinnt míonna anuas leis an togra seo a chur i bhfeidhm.

 

Donegal Fire Service has been working closely with Island groups over the last number months to put this initiative in place.

 

 

Ghabh An Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, buíochas leis na grúpaí seo, agus le Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, as an obair a rinne siad, mar seo a leanas “tá lúcháir orm go bhfuil an tSeirbhís Dóiteáin s’againn ag obair go dlúth le heagraíochtaí ionadaíochta pobail ar an togra tábhachtach seo.”  Cuid lárnach d’obair na Seirbhíse Dóiteáin é an tsábháilteacht dóiteáin a chur chun cinn sa i dtithe na ndaoine agus i measc an phobail, agus tugann an cineál seo togra deis don tSeirbhís Dóiteáin an teachtaireacht sábháilteachta dóiteáin a chur ina luí ar an phobal ar dhóigh iontach éifeachtach.” 

 

Cathaoirleach of Donegal County Council Cllr. Gerry McMonagle paid tribute to the work done by these groups and the Donegal Fire Service saying “I am delighted to see our Fire Service working closely with the island representative bodies on this important initiative.  An important part of the Fire Service’s remit is to promote fire safety in the home and in the community and this type of community based initiative allows the Fire Service to get the fire safety message conveyed in a most effective way”. 

 

 

Bhí An Clr. Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach Cheantar Bardais na nGleanntach agus Cathaoirleach ar Choiste na nOileán i láthair ag an ócáid, chomh maith leis an Clr. John Shéamais Ó Fearraigh agus ionadaithe ó na hoileáin.

 

This launch event was attended by Cathaoirleach of Glenties MD and Cathaoirleach of the Islands Committee Cllr. Michael Cholm MacGiollaEasbuig and elected representative Cllr. John Seamais O’Fearraigh along with island representatives.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO